Tá Outburst agus Liú Lúnasa ar bís an chéad imeacht riamh dá leithéid i stair na nGael a fhógairt – An Cabaret Queeráilte! Beidh manglam blasta de na healaíontóirí is Queeráilte agus is Gaelaí ag dul ar an ardán sa Chultúrlann i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta. Beidh meascán mearaí ann de cheol, damhsa, drámaíocht agus ealaíona éagsúla eile le haisteoirí, amhránaithe agus aithriseoirí den scoth. Is í Madonna Kebab a bheas mar bhean an tí agus ar na haíonna speisialta a bheas ann tá Conor Torbóid, Conall Mac Corraidh agus Chris Mac Phaidín.

Seo imeacht nár mhaith leat a chailleadh – ní bheidh sé ag tarlú ach an aon uair amháin! Coinnigh súil ar leathanach Facebook Liú Lúnasa le tuilleadh sonraí a fháil.

Beidh beár ann ar an oíche.

Outburst and Liú Lúnasa are thrilled to announce the first ever Cabaret Queeráilte! This mouth-watering cocktail brings together the queerest of Gaels and the most Gaelic of queer artists on the stage of the Cultúrlann on the Falls Road, in the heart of the Gaeltacht Quarter. Madonna Kebab will be our MC for the night, with Conor Torbóid, Conall Mac Corraidh and Chris Mac Phaidín among our special guests.

Don’t miss out on this historic, one-night-only event! Keep an eye on the Liú Lúnasa Facebook page for more details.

The venue has a bar.

Sat 11ú Samhain / Sat 11th November, 8pm
An Chultúrlann
£5 (pay at door)
18+